Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)

Suíomh:
Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
Múinteoir:
M. Mac an Airchinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 379

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 379

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
  2. XML Leathanach 379
  3. XML “Mo Bhaile Dúchais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ann. Bhí dhá oiread sin ann fadó roimh "An Gorta".
    'Sé an míniú atá le Muirbheach na píosa talmhan íseal in aice na fairrge. Tá roinnt maith daoine ina gcómhnuidhe ann act níl acht cúpla seanchaidhe ann. Is mó íad na sean-cablach tíghe atá suidte annso agus annsúd ar fuaid na háite. Níl acht rian de cuid aca ann anois mar tá síad laigidhthe le himeacht aimsire.
    Níl an talamh go saidhbhir tríd is tríd mar tá cuid maith carraigeacha í cuid díobh acht ní ceart a thuisgint go bhfuil sé go léir clúdaighthe leis na carraigeacha. Tá cuid maith talamh saidhbhir ann freisin agus tá sé oireamhsach lé naghaidh cuireadóireachta. Fastar mór cuid prátaí, eórna, coirce, cruitneachta agus turnoipí.
    Níl acht abha amháin san gcenntar ar a "Abha na gCathrach" agus ar bhrúach na habhann sin deireann béaloideas go bhfuil ríana le feiscint. Do réir sgéal núair a bhí arm áirithe ag leanamhaine Colm Cill Naomhtha fadó chuaidh sé an bealach sin agus deirtear núair a bhí na tóirighthe in aice leis gur ceangal na capaill ar an bhrúac agus níor leó dul níos sía go dtí go raibh an Naomh imthighthe. Tá an féar ag fás anois ann agus ní féidir é d'aimhbheóchaint ar cor ar bith.
    Siobhán Ní Catasaig
    Muirbeach,
    Baile Úi Bheacháin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Catasaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Muiriúch Tuaithe Theas, Co. an Chláir