School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (roll number 10741)

Location:
Furroor, Co. Clare
Teacher:
Máirtín Ó Seasnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0606, Page 332

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0606, Page 332

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh
  2. XML Page 332
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí "Cabhair De chughainn" in a béal i gcomhnuidhe mar fochal. Bhí sí ana bhocht agus bhí cuighear nó seisear páistí aichi. Ní raibh aon ghreim lé n-ithe aiche féin ná ag na páistí. Chuaidh sí amach go dtí bean Pradastúin a bhí an-shaidhbhir a d'iarraidh canna bainne. Tá canna bainne uaim "Cabhair Dé chughainn" dubhairt sí. An díolfá "Cabhair De chugainn" agus tabharfadh duit é dubhairt sí. Ní dhíolfadh sí "Cabhair Dé cughainn." Níor thug bean an Pradastúin an bainne dí in a 'cor annsan. Nuair a tháinig sí abhaile bhí na páístí ag béicheadh leis an ocras. Bhí fear beag in a shuide in-aice na teine. Téir sios 'san seomra agus tabhair bluire aráín dos na páistí dubhairt an fear. Daithin sí ná raibh aon arán ins an tseomra. Cuaidh sí sios ag deanamh sásaimhm ar an bhfear agus ar na páistí. Núair osgail sí doras an tseomra bhí sé lán de arán agus plúir agus min agus bainne. Nuair a tháinig sí amach bí an fear beag imthighthe. Ba dhoigh léithe gur seirbheach o Dhia a bhí ann. Bhí a dhóthain le nithe annsan aiche féin agus na páístí agus fad a mhair sí. Bhí bean an pradastuin ag dul i mbochtanach. Tá cabhair Dé ar an mbothar igcomhnuidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Seasnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Mairead Ní Charraig
    Gender
    Female
    Age
    70
    Address
    Furroor, Co. Clare