School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (roll number 10741)
- Location:
- Furroor, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí cailín i bparóiste Cille Mhichil úair.”
Bhí cailín i bparóiste Cille Mhichil úair. Pós sí fear. Ní raibh aon spannc sa bhfear. Níorbh fhéidir aon spórt a baint as. Bailigh na buacaillí timceall air i diarraidh spóírt a bhaint as ach níór feadadhar cainnt ná spórt a baint as ach é caithte istig sa cúinne agus a ceann cromtha fé. Bailig beirt nó triúr garsúin timceall air lá. Rugadar ar coileach agus do bhearr síad gach aon ribhe clúmh a bhí air agus scaoileadar an coileach isteach san úrlár cuighe. Níor leigh sé air féin go bhfeacha sé íad cor ar bith. Cuaidh a bhean agus a mháthair dtí an baile mór lo. Cé casadh leotha ach máthair an fhir. "Cén sórt fear é súid a thug tú dhuinn" arsa máthair na mná óíge. Buachaill breágh machánta mhuis" ars an bhean eile - cen cúis ar cuiris an ceist orm. Dinnis an bean eile connus a bhí an sgeal 'ge bhaile. "Cár thug tú an leite (Stirabout) dhó" ars a mháthair. "Ins an mías leaghaithe ar an mbórd.
"Cad eile" ars an bean eile. "Ó Cím" ar sise. "Nuair raghaidh tú abhaile anois" ar sise, "dein corcán Stirabout, leag idir a dhá chois é, annsan a bhí taitighe aige é fháhail. Cuaidh sí abhaile agus dein sí mar adubhairt an bhean eile. Nuair a fhuair an leaidh an corcán idir a dhá chois do ghread sé a bhaise "Muise nár shuairc an coileach a tháinig isteach an lá ud," ar(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Seasnáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Bean Mhic Mhathghamhna
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Boolynamweel, Co. Clare