School: Fedamore (B.) (roll number 14068)

Location:
Fedamore, Co. Limerick
Teacher:
Martin Moloney
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0517, Page 267

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0517, Page 267

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Fedamore (B.)
  2. XML Page 267
  3. XML “The Three Hail Mary Stones”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San am sin nuair a bhí Olibheár Cromwell in Éireann, bhí taoiseach den (?) a bhí ana caradmhail leis an Sagart a bhí i paróiste Mainsitir na Naonáighe, i gCanndae Luimníge.
    La amháin núair a bhí an sagart a rad an Aifrinn, thanaig an taoiseach isteach sa tseipéal, agus labhair se leis an sagairt. I lar h-Airinn a bhí sé, agus niorbheídir leis an sagart freagairt a thabhairt leis. Cuir sin fearg mor (?) ar an taoiseach, agus taréis an Aifreann d'iafruig se de'n sagairt de cuis nar labhair sé leis. Dubairt an sagart go dúthractac nar bfheidir leis labairt san am áirithe sin, acht go ndúbhairt se trí Haily Marys ar a shon. "Cad é an mhaith dom iad san" arsan taoiseach. "O" arsan sagart, "Is mar an mhaiteas dot iadsan." "Muna gcuireann tu i n-iuil dom an mhaitheas atá ionnta," arsan taoiseach "gheobaidh tu bás." Dubairt an Sagart leis go mbéadh na trí Hail Marys, scríobhta amac ar piosa páipeir, nios throma na é féin agus a chapall.
    Cun fiorneact é sin do taisbeaint, do cuireadh súas na scala inaice leis an t-seipéal, agus bhí na trí Hail Marys nios trama na an taoiseach agus a chapall. Tá trí clocha móra le feiceal ar thaobh an bhothair, go dtí an lá san, ar a dtugtar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Marascal
    Gender
    Male