Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)

Suíomh:
Clondrohid, Co. Cork
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 153

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 153

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (B.)
  2. XML Leathanach 153
  3. XML “Lá Bealtaine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deintear alán rudaí mí-nádútha in Éirinn Oidhche Bhealtaine. Ba ghnáth le daoine riamh eirghe go moch maidean lae Bealtaine agus dul amach feuchaint an mbeadh deatach i dtightibh na gcómharsan. Dá mbeadh do creidtí roimis seo go mbeadh roint de thoradh a chuid tailimh beirthe ó'n duine sin i gcóir na bliana.
    Do creidtí leis dá dtéigheadh duine amach maidean lae Bealtaine agus go ndeineadh sé tobar cómharsan do sgiomadh le gó-chupán agus an t-uisce do chaitheamh os cionn a gualainn chlé, go mbeadh an chómharsa san dealbh i rith na bliana mar go mbeadh an sochar ag an té a sgiomadh an tobar.
    Ní chomáineadh na sean-daoine aon bhó amach Oidhche Bealtaine ar eagla go dtiocfadh duine éigin an treó agus go ndeanfadh sé na ba do chrúdh. Dá dtárluigheadh a leithéid deirtear go mbeadh an t-ím go léir ag an duine sin i rith na bliana.
    Chídheann an breac san abhainn an ré nua an chéad oidhche
    Cídheann capall bán í an tarna oidhche
    Cídheann an duine í an tríomhadh oidhche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. May (~639)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Donnchadh Ó Ceallacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mullenroe, Co. Cork