Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)

Suíomh:
Clondrohid, Co. Cork
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (B.)
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal - Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Annsan do chuaidh an sagart anonn go taobh an bhóthair agus do thóg se ladhar uisce agus do chaith sé anuas ar an solas é agus i gcionn neomat amháin bhí an solas chómh geal leis an gcead solas agus is dócha go ndeacaidh sé go Flaitheas Dé.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bíonn an t-ádh le cuid des na feirmeoirí leis na ba agus bíonn mí adh le cuid eile aca. Má deintear an cró treasna umaire ní bhíonn an t-ádh leis na ba. Má deintear an cró anuas ar lios ní bhíonn an t-ádh leis na ba. Deirtear gur féidir leis na mná ím a gcómharsan a thógaint nuair a chrúdhann siad na ba oidhche bealthaine. Tá alán piseoga eile mar gheall ar girrfhiadh ag crúdh ba.
    Seo ceann aca:-
    Bhí fear ag fíadhach go moch aon maidin amháin agus bhí trí coin aige. Connaic sé girrfhiadh ag ól bainne as údh na bó. Do rithe an gírrfhiadh agus do chuaidh na trí coin na díaidh. Chúaidh sé treasna claidhe agus nuair a chonnaic an fear na coin ag rith cuige. Ceap sé gur imthigh an girrfhiadh. Nuair a thánaig sé go dtí an claidhe connaic sé bean ann agus cos briste aice. D'fhág sé ann i ach roinnt laethannta fuaradh ann i marbh.
    Coimeadann daoine pailm ar cró na mba. Deirtear má deineann duine snaidhm ar piosa córda agus é do coimead os cionn laogh go gcoimeádann sé beó é. Deirtear leis gur ceart trísnaidhm do dhéanamh trí h-uaire i ndiaidh a chéile agus an corda do choimead os cionn beithidhig. Tugtar cleas na Peiste ar sin. Deintear capaill do leigheas mar sin uair ceannta leis ach nách féidir le h-aoinne iad do leigheas ach leis an seachtú mac.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge