School: Cnoc an Chuilinn, An Ráth Mhór (roll number 9871)
- Location:
- Caherbarnagh, Co. Cork
- Teacher: Nóra, Bean Uí Dhuinnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus croidhe 'n diabhal dá bfeicthá mo slibire istig sínte ar fhleasc a dhroma agus an t-im go sulle air. Thógamar é agus d'fhágamar ann é ag glanadh féín agus chuadhmar fé dhein an duine eile. Annsan bhí an obair againn. Pé slighe a chuaidh a chos isteach sa geata ní féídir linn í thabhairt amach. Ní raibh aon píosa croicinn ar a lorg o'n alt go dtí an glúin agus srutanna fola ar sileadh léi. Bhíomar ann ag obair ar fead luair a chluig agus b'éigean duinn eirighe as sa deireadh. D'iompuigh an sean-duine agus dubhairt, "Imthigh amach a's chuir an diallait ar an laír agus téirig soir go Paddy Sean Gabha agus abair leis teacht anoir agus guirtéidí (?) a thabhairt leis. D'imthigheas agus tháinig sé agus le chisel agus le bró ghearr sé an iarrainn agus thóg sé an chos as. Ní fhéadfadh sé siubhal dá seasamh agus b'éigin dó fanacht annsan sa leabaidh(continues on next page)
- Collector
- John F. Dineen
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Teacher
- Address
- Hollymount, Co. Cork
- Informant
- John Cronin
- Gender
- Male
- Age
- c. 70
- Address
- Hollymount, Co. Cork