Scoil: Cnoc an Chuilinn, An Ráth Mhór (uimhir rolla 9871)
- Suíomh:
- Caherbarnagh, Co. Cork
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Dhuinnín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Laisteas de "Dhá Chích Danann cupla corrshliabh ainmeamhail i gCiarraidhe tá gleann fada fairsing doimhin leathan ar a dtugtar an Chlaodach. Tá an gleann so a seacht nó a h-ocht de mhíltibh ar fhaid ó Cnoc na bhFoascseasc (?) (cuimín uaigneach fiadhain fileamhail na Crobhnúnaighe (?) i gCo. Corcaighe - barra Abhann na Crobhnánaighe a ruitheann tríd síar go dtí an Fhleasc) sar go Gleann Ua Ruachtaigh i gCiarraidhe agus ó leath-mhíle go dtí dhá mhíle nó b'féidir niosa mhó ar leithead. Fadó agus ní h-e (?) bhfad ó shoin é leis nuair do bhiodh Geimhreadh ceodhach, Earrach reodhach, Samhradh grianmhar agus Foghmhar biadhmhar in Éirinn bhí talamh méith ar an gClaodaigh i dtreo go mbiodh an t-aim sochair go fluírseach ann; acht de dheascaibh aistrighthe Srotha an Chuain 'san aigéan(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sean O Cadhla
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Cullen, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Mrs Michael Casey
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 75
- Seoladh
- Caherbarnagh, Co. Cork