School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 052

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 052

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 052
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Do chómhnuig bean bocht i mbotháinín i mBaileluachra.

    (continued from previous page)
    aire maith des na buaibh."
    Nuair bhí an máighistir imthighthe dféac Séan thar an falla. Talamh breág saidbhir a bhí ar an dtaoibh eile agus féar breágh, fada tuigh. "Buel" arsa Seán leis féin "tá an iomarca stuic ar fad ar fheirm seo mo mháighistir agus is mór an náire a leithéid seo de talamh ar an dtaoibh eile den falla a fhágaint daoimhin. Ní fheadar cad é an saghas iad na h-áthaig". Bhí sé ag cuimhneamh agus ag machtnamh mar seo ar feadh seachtmhaine. Fuair se roibún le n'ithe i gcómhnuidhe - mias mór de acht ní bhíodh a dhóithin aige, líobadh sé an mhias i gcómhnuidhe.
    Sa deireadh pé sgéal é, do chrom sé ar poll do dhéanamh san bhfalla i dtreo go bhféadhadh na ba dul isteach. Tiomáin sé isteach iad. Ní fheaca aoine iad agus ag tuitim na h-oidhce thiomáin sé amac airís iad. Bhí ibhfad [?]nios mó bainne acu an oidhce sin agus tug na cailíní aimsire fé ndeara é sin. An dara lá thuit an rud céadhna amac agus an oidhce sin, tugadh níos mó le n-ithe dó féin, mar chonnaic bean an tighe é ag líobadh na miasa roimhe sin. Acht do líob sé an mhias anois leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Informant
    Seámus Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Derrynafinchin, Co. Cork