School: Barrlinn

Location:
Inchinarihen, Co. Cork
Teacher:
Máire Ní Chruadhlaoich
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrlinn
  2. XML Page 004
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Lá dá raibh Fionn agus na Fianna amuigh ag fiadhach mar ba ghnáth, i lár an lae do dhorcaig an lá mar an oidhche i dtreó na feicimís gadhar, cú ná seabhach.

    (continued from previous page)
    "Dar mó lámh, a bhean" arsa Fionn "acht táim-se pósta cheana, leis na mnaoi do thoghas i dtosach mo shaoghail, agus d'réir riaghlacha na bhFéinn caitheas-sa bheith dílis don t-aon mnaoi amháin sun. Muna mbeadh san, bheadh an sgéal go maith." Níor dhóig le h-aoinne go raibh mórán brígh le'n a cuid cainnte.
    "Bheul" ar sise "dá mhéid é bhúr neart agus bhúr dtréine, bféidir go mbainfeas-sa an taspach díbh - mé féin agus mo mhná."
    Pé sgéal é, thug sí cuireadh cum dinnéir dúinn agus chuaidh na Fianna léi go dtí an cnoc. Ba bhreágh an dinnéar é a fuaramarr - gach saghas bídh ar an mbórd, agus mná 'na gcéadraibh ann ag freastal orainn. D'itheamar agus d'ólamar ár ndóithin, agus sar ar eirigheamar ón mbórd, d'iarr sí ar Fionn, seacht gcéad fear, cun troid do dhéanamh leo. Do sheas seacht gcéad laoch-fear amach agus iad go tréan agus airm géar acu.
    Do mhairbh sí an uile duine riamh acu.
    Ag aon bórd amháin, bhí Fionn, Oscar, Diarmuid Ó Duibhne, Conán Maol agus mé féin. Dheineamar iarracht cun eirighthe, cun sásamh do bhaint aisti, acht fuaireamar go rabhamar ceangailte leis na cathaoireachaibh agus iad san ceangailte leis an dtalamh.
    Dubhairt an bhean mhór linn go marbóchadh sí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Mac Coitir
    Gender
    Male
    Age
    80
    Occupation
    Saor cloiche
    Address
    Derrynafinchin, Co. Cork