School: Duíbhlios
- Location:
- Deelish, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Duíbhlios
- XML Page 139
- XML “Ainmneacha Páirceanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá feirm mo athar suidhte 3 mhile ar an dthaobh thúaidh do Dhromdaliag. Tá crois bhothair ag dul go dtí ár dthigne agus tugtar "Cnocáns" air. Tá páirc ar aghaidh an tighe amach agus páirc an tighe a thugtar uirthi. Tá páirc eile agus "an [?]" a tugtar uirthi. Tá páirc inaice an bhóthair agus "páircín Néill a tugtar uirthi. Bhí duine do mhuinntir Néill ina chómhnaighe ann fadó agus ní raibh acht an páirc sin aige agus páircín Néill a tugtar air ó shoin i leith. Tá páirc eile inaice na páirce sin agus "Páirc an Leasa" a tugtar uirthi toisg an lios a bheith inaiche léi.
Tá páirc ar an dtaobh thiar d'ar dtighne agus Móínteán a tugaimíd uirthi. Áit caol fada doimhin iseadh í, Tá páirc eile agus paircín Crúaidh a tugtar uirthi. Áit crúadh garbh iseadh í leis. Tá páirc inaice sin agus "Dromán" a tugtar uirthi. Tá páirc na h-abhann againn. Tugaimíd an ainm sin uirthi mar tá sruthán uisge ag rith tré na lár. Tá páirc eile inaiche an tighe agus "Ceinlín" a tugamíd uirthi. Níl fhios agam cád na thaobh go bhfuil an ainm sin uirthi. Tá páirc eile agus "Páirc an Gholáin" a tugtar uirthi tá golán mór i lár na páirce, Ta páirce eile inaice an leasa agus [?] leasa a tugtar uirthi. Tá páirc eile againn agus Páircin Neón a tugaimid uirthi toisg na neóiníní a bheith ag fás ann.
Tá áit eile againn agus Conocan i Puirt a tugtar uirthi. Tugtar an ainm sin uirthi mar tá portachaib le fághail ann, ta áit eile agus Áth [?] a tugtar air cuid de agus [?] ar an áit eile Tá crocán eile againn agus Cnocán Mór a tugtar air.- Collector
- Peggí Ní Donnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Deelish, Co. Cork