Scoil: Drom Dhá Liag (C.) (uimhir rolla 12230)
- Suíomh:
- Drimoleague, Co. Cork
- Múinteoir: Bean Uí Dhrisceoil
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Drom Dhá Liag (C.)
- XML Leathanach 005
- XML “Drom Dhá Liag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an dtaobh thiar theas de Conndae Corchaighe tá críoch nó tuaith ar a dtugtar Corca Laoidhe. Sé an fáth go dtugtaoi an t-ainm sin air ná an cuid ba mhó dhe a bheith in a corrach agus gur treibh de muinntir Lugh Ith a bheith in a gcomhnuidhe ann in ealládh. De réir Anála na gCeithre Máigistrí tháinig Lugh Ith go hÉirinn le Clanna Mileadh timceall 1400 R.C.
Siad teorannta an tailimh sin ná ó abhainn an Neidín san Iarthar go dtí an Bhanndain san oirthear. Níltear deimhinigtheach i dtaobh an teorann thuaidh ach de réir na sean-daoine do lean sé na sléibhte ó Bheanntraighe go dtí Dunmaonmhuighe. Sa críoch mór seo bhí naoi paróistí triochad agus b'iad seo leanas na treabhanna ba thábhachtaighe a chomhnuig ann - Cárthaig, Drisceolaig(leanann ar an chéad leathanach eile)