School: Clochar na Trócaire, Béal Átha na mBuillí
- Location:
- Strokestown, Co. Roscommon
- Teacher: An tSr. M. Olivia
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ins gach tigh agus ithtear pancóga. Annsin crochtar an chrois ó'n dtaobhán.
Crios Brighdhe Naomhtha earradh eile a déantar as luachra fillte trí uair agus oibrightear trí crosanna ann. Déantar é i dtighthibh áirithe fós. I ngach cheanntair toghtar duine spéisealta chun an crios d'iomchar ó thigh go tigh fhaid is bhíonn paidreacha 'ghá rádh.'San slighe ceadna i gcuimhne Naoimh Phádraig caitheann na páistí crosanna déanta as cártaí agus íad gearrtha i bhfuirm croise agus clúduighthe le ribíní ioldathacha, go mór mhór na cinn a bhíos dath glas ortha - ár ndath náisiúnta féin. Sean-nós eile freisin an tseamróg do chaitheamh ar lá Fhéile Phádraig agus cuirtear thar sáile í chuig deoruidhthe na h-Éireann agus bíonn meas mór aca uirri.
Sean nós eile fós - craobh no "tor Bealtaine" a chroch le h-ursain gach dorais mar comhartha adha i gcóir na bliadhna. Déantar an chraobh no tor as samhaircinní ceangailte le chéile as géig chrainn agus annsin cuirtear le h-ais an dorais í.- Collector
- Máire Ní Dhonnchaidh
- Gender
- Female
- Address
- Culleenaghamore, Co. Roscommon
- Informant
- Michael Spollan
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Culleenaghamore, Co. Roscommon