School: Clochar na Trócaire, Béal Átha na mBuillí

Location:
Strokestown, Co. Roscommon
Teacher:
An tSr. M. Olivia
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0253, Page 167

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0253, Page 167

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Béal Átha na mBuillí
  2. XML Page 167
  3. XML “Pisreoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Céad go leith bliadhain ó shoin, bhí bean in-a cómhnuidhe tamaillín o'n mbaile mór. Bhí fear agus bó aice. Bean Ui Chorcoráin an t-ainm a bhí uirri.
    Gníodh sí máistreadh gach Shatharn, ac dá mbéadh sí ag máistreadh go dtí an lá atá indiú ann, ní bhfuigheadh sí bluire ime. Bhí sí chómh cráidhte sin gur chuir sí fios ar an sagart. Agus nuair tháinigh sé thosnuigh sé ag paidreóracht, agus sa deire dubhairt sé leithi an bhainne a chur isteach san gcuinneóig.
    Thosnuigh sé ag paidreóracht arís agus seo chuige isteach bean, agus í ag ciaradh a cuid gruaige, agus dubhairt sé leithi imtheacht. Dubhairt bean an tighe gurbh i an chára ba mhó a bhí aici.
    "Tá breall ort" arsa'n sagart sin é an námha ba mhó atá agat, sine i an bhean atá ag bacadh leis an im.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Chorcoráin
    Gender
    Female
    Age
    76
    Occupation
    Bean feirmeora
    Address
    Bunnamucka, Co. Roscommon