School: Baile 'n Sceilg (B.)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Seán P. Ó Súilliobháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 166

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 166

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile 'n Sceilg (B.)
  2. XML Page 166
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    amhlaidh a scaoil sé leó abhaile iad tamall na dhiadh san do chuaidh mac uí Laidhin mar cliamhain isteach go Dairbhre agus do phós se ann. Taréis tamall do a bheith i ndairbhre deirig leis bheith na captaen Saidhne. Oidhche amáin agus iad amuigh ag iasgach do séid gála anoir is ndheas sa t-slíghe nár bhféidir na báid do theacht i dtír i ndairbhre do béigean iad a scaoileadh ó thuaidh chun an Daingin. Do chuir muinntir an (Daig) Daingin fáilte mór rómpa agus do thóg gach duine aca cúigear nó seisear go dtí na dtig féin. Do chuaidh mac uí Laidhin seo le fear óg go tig aca. Bhí súipéar mar aca agus taréis an súipéar a bheith itce aca do thosmughdear ag cainnt le na chéille. Do thárla go raibh sean duine sa tig agus do bhí sé ag cainnt le mac uí Laidhin. Is dóca ar seisean ná fuil aon cuthne agat ar mhuinntir Bhailensceilg. Ó is ó Bhailensceilg mise féin, Is dóca ná fuil aon aithne ar an seiolartach buidhe de mhuinntir Laidhin ón Reen. Thug sé sin árd mharbhú dhómhsa an lá a bhíos sa Sceilg tamall maith ó shoin agus do ghuideas ná faighim bás go mbainfhinn sásamh as. Ó is fadó tá sé sin imthighthe féin gcré. Ní raibh fhíos aige conuis imtheacht amach, ganas ach sa deire d'ealuig sé seisear den gcriú agus bhailuighdear leó sa philéar agus ní fheacaidh aoinne de mhuinntir an Dhaingin ó shoin iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Cártha
    Gender
    Male
    Address
    Cill Rialaigh, Co. Kerry
    Informant
    Mícheál Mac Cártha
    Gender
    Male
    Age
    28
    Address
    Cill Rialaigh, Co. Kerry