School: Baile 'n Sceilg (B.)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Kerry
Teacher:
Seán P. Ó Súilliobháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 177

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 177

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile 'n Sceilg (B.)
  2. XML Page 177
  3. XML “Táilliúir Bhólais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí táilúr thiar i mBólas fadó tímcheall dhá chéad bliadhain ó shoin, dárbh ainm do Dómhnall Dé Búrca. Dranncaerín do beadh é. Dá bhfaigheadh sé pinginn fé cloich, is ag ól a raghadh sé leis. Bhí drifú do i gCalfórnia agus chuir sí fios air. Chuaidh sé anoon chúiche, agus do bé an scéal céadhna thall aige é. Chómh luath is a thuillfheadh sé pinginn is ag ól a raghadh sé. Thug sé Domhnach ag ól, agus nuair a bhí sé ag dul abhaile ist óidhche, suidh sé air thaobh an bhóthair, agus thuit a codhladh air. Na fir a bhí ag dul ag obair ins na mianaig ar maidin Dé Luain, bhuail sé leó sínte ar thaobh an bhóthair, agus é na chodhladh. Thógadar leó é agus thugadar leó isteach sa mhianach é. Nuair a dhúisig sé ar maidin, chonnaic sé na saoilse go léir ar lasadh. Diarraidh sé díobh cá raibh sé nó cad é an sórt áite é seo. Dúbradar lies gur bé seo ifteann Thugadar biadh agus deoch do ahus cinnúígheadar ar fead seachtmhaine é, go dtí tráthnóna Dé Sathairn. Annsan thugadar braon le n-ól do, agus braon san mbreis. Nuair a bhí sé ar meisge aca, thógadar leó é agus chuireadar ar taobh an bhóthair é san áit
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Mac Crothán
    Address
    Cill Urlaí, Co. Kerry
    Informant
    Pádraig Mac Criothain
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Cill Urlaí, Co. Kerry