School: Baile 'n Sceilg (B.)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Kerry
- Teacher: Seán P. Ó Súilliobháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile 'n Sceilg (B.)
- XML Page 164
- XML “Ór i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó is amhlaidh a bhíodh aon pháirc mhór amháin chun cuireadóireacht ag muintir na haon bhaile Tá páirc mór i [gCillúrlaídhe] air a nglaodhtar Páirc na Ceallúnaídhe. Do bhí muintir an bhaile go léir ag obair sa pháirc sin aon uair amháin Nuair a bhíodar ag dul abhaile chun a dínnéir do ghlaoidh duine des na fearaíbh air an gcuid eile chun go mbainidís cloc a bhí sa ghearradh roimis. Nuair a bhí sí bainte aca chuireadar na leath sheasamh í agus do chuir sé féin teantaí fúithí. Annsan dubhairt sé leó í fhágaint mar sin dimthígheadar leó abhaile agus nuair a bhíodar imthighthe do thog sé an cloc agus is amhlaidh a bhí corcán óir fúithi. Do bheir sé an corcán agus an tor abhaile leis agus do thug sé cuid de dá mháthair. Do chuaidh sé amach ag máirseáil an oidce sin agus nuair a tháinig se abhaile dubhairt sé lé na mháthair an tór do thabhairt do arís. Do thug agus ní fheadar aoinne cad a dhein sé leis riamh ó shoin agus níor chonnac aoinne gur chuir sé aon taisbeach mór air. Deirtear gur chaith sé é thabhairt tharnais arís agus tá sé ráidhte dá mbá leis é riar go mbeadh an sceal ní bfeárr aige. Tá sé ráidhte imeasc na ndaoine go (bhfuail) bhfuil an tór san(continues on next page)
- Collector
- Séamus Ó Súilliobháin
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Aird Thoir, Co. Kerry
- Informant
- Diarmuid Ó Suilliobháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Cinn Aird Thoir, Co. Kerry