School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)

Location:
Máistir Gaoithe, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Siochfhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 052

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 052

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Máistir Gaoithe
  2. XML Page 052
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An gaoth andheas bíonn sí tais agus cuireann sí rath ar síoltsaibh.
    An gaoth aniar bíonn sí fial agus cuireann sí éisg i líontaibh.
    An gaoth adthuaidh bíonn sí cruaidh is cuireann sé fuacht ar caoiribh.
    An gaoth anoir bíonn sí trim agus cuireann sí sioc ist-oidhche.
    Ma thagann frog isteach sa tig nó má bíonn an madra ag ithe an fhéir glas deirtear go mbíonn fearthainn ag teach. Má bíonn ceó ar bhár na hEisge tagann baisteac i gcómhnuidhe. Nuair a bhíonn na géana fiadne nó na crackers ag screadaig go mór deirtear go mbíonn droch aimsir ag teach. Tagann an scítheáin leathair isteach sa tig nuair a bhíonn aimsear breág ag teacht. Bíonn na fáinleóga ag eitilt go h iseal nuair a bhíonn droch aimsir ag teacht agus bíonn síad ag eitilt go h árd nuair a bhíonn aimsir breágh ag teacht. Má bíonn ceó ag eirighe cois na h-abhainn tiocfaid aimsir breágh. Iompuigheann an cat a chúl leis an dteine nuair a bhíonn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry
    Informant
    Dómhnall Ó Séaghdha
    Gender
    Male
    Address
    An Chillín Liath, Co. Kerry