Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Letter East, Co. Kerry
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 016
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a ghábhail le lucht déanta na mbróg pé’r b’íad féin. Lasadar solus is d’fhanadar ‘na shuidhe an oidhche sin. Nuair a bhuail sé a dó dhéuag a chlog tháinig beirt sídheog isteach, léimeadar anáirde ar an mbórd, is chromadar ag obair. Nuair a bhí an leathar ídighthe, agus na bróga déanta achu, d’imthígheadar is ní raibh uain ag an ngréasaidhe a bhuidheachas a ghábhail leo.
    Annsan shocruigh an ghréasaidhe, agus a bhean gur cheart dóibh chulaith éadaig a dhéanamh do gach sídheog mar chómahrtha buidheachais. Dhein an bhean stocaí as an olan a b’feárr a fhéadfadh sí a fhághailt. Dhein an gréasaidhe brístí, casóigíní, agus caipíní as leathar bog. Nuair a tháinig na sídheóga an céad uair eile, fuaradar na culthacha, na léinteacha, na stocaí agus na caipíní ar an mbórd rómpa, agus ní miste a rádh go raibh áthas ortha. Dubharadar amhrán molta agus buidheachas do’n n-gréasaidhe agus dhá mhnaoí, rinncheadar ríl port, agus cornphíopa ar an mbórd, dheineadar gáire suilt agus áthais, agus annsan d’imthigheadar leó. Ní fheaca an gréasaidhe ná a bhean as san amach íad, agus ní raibh aon ghnó díobh, mar d’eirig an saoghal go maith leó.
    Siobhán Ní Churnáin do sgríobh
    Siobhán Bean Uí Curnáin (50) d’aithris.
    Caoldubh Uachtarach,
    Gleannbeithe,
    Co. Ciarraidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Curnáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Curnáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Kealduff Upper, Co. Kerry