D'airigheas an sgéal so fiche blian ó shoin agus tá eolas agam ar an áit inar thuit sé amach:-
Bhí fear a chómhnuigheann ar an dtaobh thiar den bparóisde seo ag baint móna lá. Mar is gnáth bhí meitheal aige. Tá tigh an fhir seo ar chliathán an chnuic agus tá na portacha ceathrú míle nú mar sin faid ón dtigh. Bhí lucht na meithle ag baint sa tráthnóna agus d'airigheadar daoine ins na trithibh ag gáiridhe ar an gcnoc a bhí os a gcomhair amach. Stadadar go ceann tamaill agus d'fhéachadar go cruinn i dtreo an tighe acht duine ní fhacadar.
Tamall ina dhiaidh sin buaileadh breoite bean an tighe agus fuair sí bás obann nach mór. Nuair [a] bhí an gáiridhe ar siubhal chloiseadar na daoine ag bualadh bas leis.