School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 226

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 226

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 226
  3. XML “Saghas Tithe a Bhíodh ag na Daoinibh i mBunán Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Saghas tighthe a bhíodh ag na daoinibh imBunán fadó
    Ins na hísleánaibh dheinidís na tighthe i dtreo is go mbeadh fothain maith le fagháil ann agus leis bhí sé mar bhéas ag na daoinibh carn aoiligh do bheith os comhair an dorais amach nú le hais na fallaibh (!). De chré ghorm agus clocha deintí iad agus is cumhang, íseal, gairid a bhídís. Bhí poll mór ins gach tigh chun deataigh a leogaint amach agus ciseán nú rud éigin cruinn ar bharr an tsimné. Dar ndóigh ní raibh na simnéidhthe ró-mhaith chun an deataigh a tharrac agus i dtulcanna móra scaipeadh an deatach ar fuid an tighe. Fairis sin bhíodh prátaí ar an lochta de ghnáth agus leogaidís poll beag i bhfalla an lochta lámh leis an tsimné chun cuid den deatach a mhealladh isteach san lochta chun caistíní do dhéanamh dos na prátaíbh. Tá cuid desna seantighthe den tsaghas san le feiscint fós timcheall na háite seo.
    Chun lochta a dhéanamh gheibhidís barra iarainn ("spit") agus leis sin dheinidís béamaí giumhaise d'aimsiúghadh ins na portachaibh agus chuiridís na béamaí céadna treasna an tíghe agus cliath anuas orrtha. Dheinidís an cliath de shlataibh i bhfuirm dréim[i]re agus nuair a bhíodh cléithe a ndóthain déanta aca chuiridís anuas ar na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig O Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Milleens, Co. Kerry