School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 227

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 227

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 227
  3. XML “Saghas Tithe a Bhíodh ag na Daoinibh i mBunán Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    béamaí iad.
    De chré agus bualaighe (=bualtach) measctha le chéile dheinidís an t-úrlár mar ní raibh aon trácht ar stroighin an uair sin. Chuireadh foth-dhuine leacacha móra agus beaga ar urlár an tighe acht is garbh [a] bhídís agus scoilteanna móra eadtorra go minic. Tigh cinn tuighe gach ceann aca agus bhí tuigheadóir ins gach dúthaigh chun brat tuighe do chur ar na tighthibh nuair [a] bhídís déanta.
    Scolpán - 's é sin beart faoigh ceangailte le gad a bhíodh mar doras aca. Annsan tháinig an cliath - píosaí adhmaid ar nós geata in úsáid, agus annsan an "cliath tuislidhe" mar bhí sé ceangailte le tuislidhe (= tuislí) leis an ursain. Bhíodh giolcach nú fraoch fighte fuaighte tríd na maidí síos, suas agus treasna an dorais.
    Ní fiú trácht ar an troscán a bhíodh ins gach tigh agus de ghiumhais dheinidís gach rud i bhfuirm troscáin nach mór. Do chonnaiceas carraig bheag le hais teineadh agus fágadh ann é d'aon ghnó mar stól agus an tigh ghá dhéanamh. Bhíodh suidh[ea]chán ins gach tigh agus suidhistíní déanta de thuighe mar stóil agus cathaoireacha. Agus maidir leis an úrlár (t-úrlár sa lámhscíbhinn) dheinidís é do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig O Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Milleens, Co. Kerry