Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Tullaha, Co. Kerry
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 220
- XML “Béasa an Tórraimh i mBunán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Béasa an tórramh i mBunán.Nuair a bhíonn duine ag fagháil bháis, bíonn beirt nú triúr nú ceathrar tímcheall na leabthan agus iad ag guidhe. Faigheann duine díobh buidéal ina bhfuil uisge coisreacan agus bíonn sé á shíorstealladh ar eagla go mbeadh an diabhal in aon scoilt sa seomra chun díoghbhála do dhéanamh.
Cuireann siad coinneal chéireach i láimh an duine i riocht bháis agus coinnightear ann é go dtí go mbíonn sé marbh. Nuair a tuigtear go mbíonn sé marbh, beartuightear chun é do bhearradh má is fear é ach chomh túisce is a fhaghann sé bás , cuirtear an clog ina stad agus oscailtear na boscaí ins gach seomra.
Annsan deintear an corp do nígheadh agus coimeádtar an t-uisge len ar nígheadh é istigh fé leabaidh a[n] bháis nú fé pé áit ina mbíonn sé fé chlár go dtí go dtógtar an corp as an tigh. Tar éis an corp do nígheadh, cuirtear aibíd air. Cuirtear bairiliní bána os a chionn agus fé nú fúithe, coinnle ar bhord ag cosaibh an chuirp. Is gnáthach cúig cinn aca [a] bheith ar lasadh don té san ord, agus ceithre cinn don té ná bíonn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig O Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Milleens, Co. Kerry