School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)riamh ba bhreághtha ná é. Bíodh sé sin acu san. Bhíodh colamóir ana fhlúirseach acu an am san agus bíodh sé sin acu ar maidin leis. Trí a clog an dinnéar. Is minic a bhídís marbh ag an loscadh-dóighe bíodh bainne na gcaorach comh láidir sin.Itheann an gabhar gach aon nídh a fhásann tríd an dtalamh ach amháin anLus Mór agus ní baineann sé ach aon greim amháin a’s san. Aon rud a itheann siad meathann sí na dhiaidh agus ar a n-anál atá ar meath ar fad. Aon gadhar go mbíonn dá mionnán aici oscaileann sí tor aitinn binn. Bíonn sí á preabadh ar feadh leath uair a cluig. Tógann sí an mionnán agus cuireann sí isteach sa tor é. D'fhanfadh sí istig go dtí go lobfadh sé ann. Sar a corróchadh sé asta agus an mionnán a cuirfeadh sí isteach amáireach.An cearc a cuirtear ar gor sa Mhárta síad na cearcha is folláine a dheineann dóibh. Bíonn daoine ana mhór cun cleach Márta a bheith acu. Gloadhfadh coilleach Márta ar a ceathar a clog reagálta níos fearr ná na cearcha commónta. Ní thabharfaidís aon chearc go mbeadh gor uirthi ar eagla go mbéarfaí an séan uatha féin. Níor mhaith leo aon nídh mar sin a thabhairt d’aoinne thar claidhe na teorainn. (Deir siad nach ceart bheith amuig in aon cor sean oidhche Bealtaine (an t-aonmhad lá déag de Bealtaine.)(continues on next page)
- Informant
- Pádruig Ua Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Killarney, Co. Kerry