Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 065

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 065

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 065
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    riamh ba bhreághtha ná é. Bíodh sé sin acu san. Bhíodh colamóir ana fhlúirseach acu an am san agus bíodh sé sin acu ar maidin leis. Trí a clog an dinnéar. Is minic a bhídís marbh ag an loscadh-dóighe bíodh bainne na gcaorach comh láidir sin.
    Itheann an gabhar gach aon nídh a fhásann tríd an dtalamh ach amháin anLus Mór agus ní baineann sé ach aon greim amháin a’s san. Aon rud a itheann siad meathann sí na dhiaidh agus ar a n-anál atá ar meath ar fad. Aon gadhar go mbíonn dá mionnán aici oscaileann sí tor aitinn binn. Bíonn sí á preabadh ar feadh leath uair a cluig. Tógann sí an mionnán agus cuireann sí isteach sa tor é. D'fhanfadh sí istig go dtí go lobfadh sé ann. Sar a corróchadh sé asta agus an mionnán a cuirfeadh sí isteach amáireach.
    An cearc a cuirtear ar gor sa Mhárta síad na cearcha is folláine a dheineann dóibh. Bíonn daoine ana mhór cun cleach Márta a bheith acu. Gloadhfadh coilleach Márta ar a ceathar a clog reagálta níos fearr ná na cearcha commónta. Ní thabharfaidís aon chearc go mbeadh gor uirthi ar eagla go mbéarfaí an séan uatha féin. Níor mhaith leo aon nídh mar sin a thabhairt d’aoinne thar claidhe na teorainn. (Deir siad nach ceart bheith amuig in aon cor sean oidhche Bealtaine (an t-aonmhad lá déag de Bealtaine.)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Suilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí