Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 022

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 022

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 022
  3. XML “Scéal - An Gadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéul an Gaduidhe
    Bhí beitheamhnach fad ó shoin ann agus bhí buachaill aige. Bhí sé dhá bhlíain déag ‘na sheirbhís agus taréis a dhá bhlíain déag bhíodar suas agus ghaibh buachaill eile isteach an doras féachaint an dtógfadh sé é, mar ba mhaith leis dul leis an gcéird céadhna. Dubhairt sé ná tógfadh, go raibh an buachaill a bhí aige ag déanumh a gnó alright. “Dheire ná bac san, b’fhéidir go ndéanfainn cómh maith leis é” ars’an bhuachaill nuadh. “Bheul chuirfidh mé tástáil beag anocht ort. Beidh an buachaill ag teacht ‘na leidthéid seo de bhóthar agus má goideann tú an chaoire uaidh anocht agus gan fhios dó, déarfaidh mé ná beidh tú go h-olc ag tosnúghadh. Bheul imthig anois.”
    Chuimhnig an bhuachaill nuadh ar phlean agus nuair a tháinig an sean-bhuachaill an t-slí agus an chaoire aige, bhuail bróg leis ar an mbóthair. D’fhéach sé ar an mbróig agus dubhairt sé dá mbeadh an bróg sin ghlan aige go maith a n-oireamhnochadh dó. Dubhairt sé nárbh aon mhaith dhó é nuair ná raibh an bhróg eile aige, an comráide. Churi sé dhó é paiste de’n mbóthar agus bhuail an bhróg eile leis taobh amuigh de pháirc bhreagh coirce. “A Día” ar seisean “dá mbeadh an bhróg eile agam anois go maith go n-oireamhnóchaidís araon mé."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí