School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 115

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 115

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 115
  3. XML “Beatha Sheáin agus Máire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Beatha Sheáin agus Máire
    Do chomhnuig in Iartar Éireann lánamha de mhuinntir Feirtéir. Níor mór í an slighe beatha, ní raibh aca ach lán cúpla bó agus dá bhrígh sin tháinig an saoghal ana chruaidh ortha. Do bhí dáréug muirighin ortha. Seán a b’ainm do’n té ba shine aca. Buachaill ana chliste do b’eadh é. Ní raibh aon nídh ag dul dó.
    Deire na bliana do bhí ann agus lá cíosa ag teacht agus gan an t-airgead ró-fhlúirseach aca. ‘Seadh do cuireadh le chéile é ar cuma éicint. San am san do bhíodh ortha dul go dtí an tighearna talmhan leis an gála. Bhí ar Seán dul leis toisc é a bheith chómh bocht ‘sa t-saoghal do bhí an t-éadach chomh stracuighthe air gur thug sé leis an t-airgead casta i mbrób féir istigh na hata. Seo leis chun bóthair é ar mhuin a sean-láirín. Do chuir sé é féin in iúl do dóirseóir an tighearna ach dubhairt leis ná raibh sé istigh agus fanamhaint sa stábla go dtiocfadh an tighearna isteacht. Do chuaidh mo Sheán bocht do’n stábla agus a chapaillín ar adhastar aige. Shuidh sé ar an máinséar agus thuit a codhladh air. In a codhladh do thuit an hata dhe go raibh ann a cuid do’n tsaoghal agus seo chuige é an tsean láir, agus dhith sé é ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    AT1542: The Clever Boy
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Cróinín
    Gender
    Female
    Address
    Lackabane, Co. Kerry
    Informant
    Aindrias Úa Seaghdha
    Gender
    Male
    Address
    Dún Chaoin, Co. Kerry