School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 148
  3. XML “Aimsir na Gorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aimsir na Gorta
    Bhí feirmeoir ann agus paiste maith talmhan aige. Dubhairt a mhac leis nuair d’fhág sé stráca de chliathán an ghuirt cun cabáiste. “Cad a bh’áil leat fhágaint an méid sin talmhan – goidfear uait é cómh maith.” “Ghoididís leo” ar seisean “b’féidir gur mó duine bocht a coméadfaidh sé na mbeathaig. Chuir sé an cabáiste agus d’fhás an cabáiste ba bhréaghtha fhéadfá d’fhághail. Bhíodar á bhreith uaidh ins an oidhche. “Ó Mhuise” dubhairt a mhac “ná tabhair a thuille dóibh.” “Leig dóibh” arsa’n feirmeóir “agus fág mar a bhfuil sé.” Bhí an talamh ag m’athair rómham agus d’fhág sé ‘na dhiaidh é agus fágfad-sa leis i’m dhiaidh agus fágfair-se leis id’ dhiaidh.” “Leig dóibh a tharrac leó na daoine bocta.” Thógadar an ceann déanach leó.
    Fé ceann cúpla mí ‘na dhiaidh sin arís bhí cabáiste ag fás ar an “Roota” chéadna agus dubhairt an mach nár gádh é chur in aon chor an bhlian seo chúgainn. “Cuirfeadh” ars an t’athair “mar is geal le Dia é. Beidh sé ithte arís aca sar a dtiocfaidh lá Bealtaine le congnamh Dhé is Mhuire: Ní hi gcómhnuidhe a sheasóchaidh an saoghal so. Saoghal ochrach mí-ádhmahrach iseadh é agus ní leigfeadh aoinne bás d’fághail leis an ocras.” Geobhfair-se luach ar san san saoghal eile,” ars an sagart.
    Ainm an duine ó’n a bhfuaras é seo:-
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Tig na mBocht, Cíll Áirne
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry