Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “Abha an Lóndraigh”
  4. XML “An Seoirseach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Siar san oidhche chuaidh an Lóndrach agus chrúdhaig sé sé cinn déag de bha a bhí aige. Thug sé an leamhnacht go léir go bruach na habhann agus d'fhan sé féin agus a chuid fear ann go breacadh an lae. Chómh luath agus chonnaic sé an ghrian ag gobadh aníos de dhruim Árdamór do streall sé an bainne go léir isteach san abhainn. Dá chómharthaidhe sin féin Áth na Leamhnachta a tugtar fós ar an áit 'nar caitheadh isteach an bainne agus Abha an Lóndraig ainm na habhann ó shoin a leith.
    Tom Jimeen, Tomás Mac Gearailt Siúnéir(Droichead a Teaidí) ná maireann d'inis an sgéal seo dom 5/1/1926
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Cnocán Aigí a tugtar ar ghort thíos cois na Trágha Bige. Bhí tig beag thíos i lúib an ghuirt - i mbun an ghuirt ar bara taoide. Ní fheadar cé'r bhí Aigí féin ach Seóirse nó an Seoirseach a tugtaí ar a mac. Bhíodh scór curtha aige'n Seóirseach. Bhí an gort tímcheall Lios-Bhaile-Uí-Chonchobhair fé prátaí uair agus bhí cúpla leaba' scóir curtha ann aig an Seóirseach agus bhí sé lá ag cur iasgán amach ar na leapacha. Agus ughaim is asal aige ag tarrac na n-iasgán ó chúil a bhí aige thíos i mbun na páirce. Nuair a bhíodh sé ag gabháil síos i gcómhnuidhe i gcómhair ughaim eile iasgán tar éis ceann a bheith curtha suas aige bhíodh an dá sgiathán ar sileadh leis an ughaim. Do labhair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.