Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 103
- XML “An Seoirseach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an guth leis agus dubhairt leis na sgiatháin do cheangal suas agus do dhúnadh. Ní mór an nath a chuir sé ann ar a son gur baineadh preab as. Agus d'fhág sé osgailte airís iad nuair a bhí sé ag gabháilt síos airís an chéad uair eile. Do labhair an guth airís agus dubhairt leis na sgiatháin a dhúnadh suas nó go ndíolfadh a chliatháin as. Tar éis tamaill airís nár dearmhad sé iad do dhúnadh ach má seadh labhair an guth airís agus a dubhairt. "Mara gcoimeádfair suas na sgiatháin sin agus gan na h-áiristí do leagadh de'n mbórd fagfad-sa cubhán led shaoghal ort." Nuair a bhí na prátaí fásta na dhiaidh san agus gais ortha bhí Seóirse lá ag glanadh na bprátaí agus feuchaint d'á dtug sé tharais chonnaic sé capall agus marcach ar a mhuin thall ar dhuibhe Dhún Séan agus an taoide bara lán . Pé feuchaint eile a thug sé bhí an capall agus a mharcach chuige anall ag sodar ar bharr an uisge díreach dá mba 'na thalamh tirim a bhí fé na chois. Ní raibh fhios aon nidhe aige gur ghluais sé isteach thíos i mbun an ghúirt chuige, agus ghaibh sé drom leapan chuige aníos go dtí gur chuaidh sé go lios agus isteach sa lios leis.
Nuair a bhí sé ag gabháilt thar Sheoirse aníos d'fheuch Seoirse go mí-chéadthach air. "No matter boy no matter." ars' an stróinséir. "Chuaidh an Seóirseach ag lorg rian chos an chapaill, an diach rian a bhí in aon áit sa leabaidh agus ní raibh oiread agus aon ghas amháin briste. Nuair chuaidh an marcach isteach sa lios dá gcloisfá an fothram a bhí ag dóirse á n-osgailt agus á ndúnadh. Tamall na dhiaidh san nuair a bhí "Stations" ar an mbaile agus na sagairt ag caitheamh a gcoda taréis an(leanann ar an chéad leathanach eile)