School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Naidearís cathain a dhfoirfead na cómhairlí sin duit. Thug an feirmeóir éisthi aráin do agus dhá chead púnt istig ann nuair a bhí sé ag fághaint agus ní raibh fhios ag fear dhúnchaoin go raibh an dá chead púnt sa chiste in aon chor, go dtí go gcuaidh se abhaile.
D'fhag sé slán agus beannacht ag an bfeirmeóir agus é go cráidhte ag cur chun bhóthair abhaile, gan aon leathphingine airgid taréis a chuid aimsire. Niorbh bhfada a bhí sé nuair a bhuail beirt fhear eile leis a bhí ag tabhairt fé'n nDaingean. Bhíodar ag caint le chéile i gcaiteam an bhóthair nó go dtánghadar go dtí crosaire. Seadh arsa fear aco. "Is fearra dhúinn brisead annso isteach. Tá cómanga ann. Seo leó. Ní fada a bhíodar nuair a chuimnigh fear Dhúnchaoin air féin "Is ait an rud dómsa air seisean a bheit ag imtheacht tré chómhangar taréis trí bliana a thabhairt air chómhairle "Gan gábhailt trí aon chómhangar acht an bhóthar díreach i gcómhnuidhe agus chas sé air a sháil agus dimthig an bheirt ar aghaid.
Bhuail tarbh malluighthe leó agus marbhuighead an bheirt fhear. Seadh air sisean ach a gcualaidh sé an sceal is maith an cómh-(continues on next page)- Collector
- Dómhnall Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry
- Informant
- Peig Cé
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry