School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 059
- XML “Scéalta Púcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lé h-ais an tíghe do bhí gort dá threabhadh agus san gort a bhí taobh leis sin do bhí scata garsúin ag imirt líathróide. Níor chuir sé chúchu ná úatha ach thug a bhóthar air. Do bhí scailp ceóidh tuitithe agus ní fhéadfhadh sé a shlíghe d'fághail abhaile. Do chaith sé an oidhche mór thimcheall na cúirte agus ní bhfaigheadh sé aon t-slíghe chuin dul isteach . Ní raibh geóin le cloisint aige istigh ach fúaimeanna siúbhail ar nós a bheadh duine ag dul súas an staighre.
D'fhan sé mar sin ag éisteacht leó go dtí gur ghlaoidh an choilleach. Annsin do scaip an ceódh agus d'imthigh an chúirt agus na fuaimeanna. Do bhúail sé i leith an bóthar annsan agus chúaidh abhaile. Do chuir san scannradh mór air i dtreó ná raibh sé sa mhaith céadna ó shin.- Collector
- Máire Ní Mhathghamhna
- Gender
- Female