School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Kerry
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)t-áthas nuair a chonnaic sé chuige é go dtuillfeadh sé scillen eile sul a ragadh sé a chodladh.
"Fáisg mo speal agus cuir crú fé m chapall" as seisean leis an ngabha.
"Mara miste dhom a dhfiafraíghe dhuit" ars' an gabha "cá bhfuil do dheabhadh an t-am so d'oidhche."
"Ag baint mo chuid foghmhair mar a ngeibhim an tslíghe" ars' an marcach.
Nuair a bhí deire déanta ag an ngabha, do chaith sé (an marcach) chuige píosa airgid ag rádh :-
"Seo é do phádh ar buile luath an luain, agud buile dheireannaigh an tSathairn."
le linn breith ar an airgead don ngabha tuigeadh do gur bh'amhlaidh a gaibh a t-airgead trí na chroidhe agus bhí sé ag lagú os san amach
Ar maidin amáireach fuair a bhean é sínte ábalta ar a sgéal a dh'innsint ach sin a raibh ann. Níor mhair sé ach go dtí aimsir Aifrinn an lá san.- Collector
- Séamus Ó Súileabháin
- Gender
- Male
- Address
- Imileá an Bhóthair, Co. Kerry