School: An Drom Clochach (B.)
- Location:
- Dromclogh, Co. Kerry
- Teacher: Pártholán Ó Ruadhacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Drom Clochach (B.)
- XML Page 049
- XML “Áiféis na Blách”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag feachaint ortha tamall ina dhiaidh sin agus bhí an dá dhías chómh mór agus chómh hárd san gur chuireas breinnse crainn mór dtimcheall ortha na seasamh. Ins an am go raibh siad aibidh do bhaineamar ag do bhailigheamar isteach sa scioból iad. Do bhailigheamar meithiol fear ag do bhuaileamar agus do ghlanamar iad agus do bhí lán an sciobóil do chruithneacht aici agus is dóigh liom go mbfearr an gas san ná a bhfuil id gáirdín go léir. Do lorgaigheas mála uirthi go lionfainn mála den chruithneacht agus ní raibh an mála aici. Chuadhas amach agus do bhí tigh mór fada fairsing mara raghadh capall isteach le ráil mhóna. Chuadhas isteach sa tigh sin ag lorg mála. Do chonnac brúscar na móna go léir ag corruighe. Dimthigheas agus d'aimsigheas mo chlaidheamh a bhí ar crochadh sa chistin. Do thána thar nais agus do phriocas an brúscar. Lem chlaidheamh agus preabann chugham amach dreanncaide go raibh leath aoirde an tighe ann. Thugas fé lem chlaidheamh agus do bhaineas an ceann de. Bhaineas an croiceann de agus do fuaras snáthaid(continues on next page)
- Collector
- Parthalán Ó Ruadhacháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir