School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé go rachadh an bhréag níos fuide. Ní raibh aige le tabhairt dó acht a shean chulaith éadaigh agus bhain sé dhe é agus thug sé dó é. Ní raibh aon éadach air annsin agus chaith sé dul isteach i sean mhainistir.
Is gearr gur thosuigh na cait ag cruinniughadh. Tháinigheadar as gach áit agus bhí gach dath ortha agus bhí gach saghas cait ann. Bhí cat an mhór ann agus ba é an t-ainm a bhí air, Rí na gCat. Dubhairt ceann de na cait leis sgéal a innsint agus sheas Rí na gCat suas agus dubhairt sé.
"Bhí mé i dteach feilméaraidhe indhé agus bhí canna bainne leaghthe ar an mbord ann agus thosuigh mé dhá ól agus dfhág mé naoi ribe in mo dhiaidh ann. Thug inghean an feilméaraidhe bualadh maith dhom acht níor chuimhnigh sí uirthi fhéin agus dól sí an bainne agus rinne an naoi ribe naoi gcait óga. Tá siad ina bolg anois agus tá sí tinn agus ní liagh ná dochtú i ndhon í a leigheas."
"Acht tá leigheas i ngar go baile(continues on next page)- Informant
- Marcus O Catháin
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Maum, Co. Galway