School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chaith sí an canna san áer agus bhris sí é.
Chuaidh an cailín isteach agus chuaidh sean bhean amach i gcoinne an uisce agus rinne sí an cleas ceadhna. Bhí sean fhear ann agus chuir sé amach i gcoinne an uisce é, agus chonnaic sé an bhean áluinn seo, agus dubhairt sé léithe dul isteach go raibh spraoidh bhréagh istigh. Chuaidh sí isteac agus bhí an fháilte roimpí. Annsin thosuigh sí ag damhsa agus d'fiafruigh sí an bfeadfhadh sí beagán spraoidh a dhéanamh. Thug siad cead dhí, agus chaith sí amach dhá liathroid agus rinne sí chearc agus coileach dhíobh, agus annsin chaith sí amach trí gráinne coirce agus bhuail an coileach gob ar an gcirc agus dubhairt an chearc, "Ní ceart duit sin a dhéanamh mar a bfuil cuimhne agat ar an lá a chuir máthair thú ag gearradh crainnte agus ghearr mise dhuit iad. Chaith sí amach dhá ghráinne eile agus bhuail an coileach aríst an chearc agus dubhairt an chearc bfuil cuimhne agat ar an lá a chuir mo 'athair thú ag cur amach aoiligh agus tháinig mise agus chuir mé amach dhuit é agus tháinig mé an tríomhadh lá agus tú ag tríomhúighadh an locha agus thriomuigh mé dhuit é agus fuair mé fáinne mo shean mháthair.
Pósadh muid annsin agus thoigh mé seomra(continues on next page)- Informant
- Micheal Ó Coighin
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Saor cloiche
- Address
- Maum, Co. Galway