School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 015
- XML “Scéal - Fear na Scuab”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fhada agus dhéanadh sé sguabhanna de'n fhraoch agus thiubhradh sé isteach chuig an mbaile mór iad chuile lá margaidh agus dhíoladh sé iad.
Chuaidh an bheirt aca amach an tráthnona seo agus chonnaic siad an téinín ba deise dar leag súil ariamh air. Thosuigheadar ag léanamhaint an éinín, gur thuit an oidhche ortha agus chaith siad a theacht abhaile gan aon éinín agus gan aon sguab, mar bhí an tráthnona caithe aca ag leanamhaint an téinín.
Nuair a thangadar abhaile gan aon fraoch, bhuail an t-athair iad, agus chuir sé a chodhladh iad gan aon suipéar. Chuadhar chuig an scoil lár na bharach agus nuair a tháingheadar abhaile chuaidh siad amach ag baint an fhraoigh mar an lá roimhe sin. Ní rabhadar i bhfad ón teach nuair a chonnaic siad an téinín aríst agus d'fan siad da leanamhaint go dtáinig an oidhche ortha agus chaith siad a theacht abhaile chuig an athair gan aon fraoch. Ceibhre ce'n bualadh a fuair siad an oidhche roimhe sin, fuair siad a dhá oiread an oidhche seo, agus cuireadh a chodhladh iad gan aon suipéar agus cuireadh chuig an sgoil iad ar maidin gan aon bricfeasta.
Nuair a tháinig siad abhaile san tráthnona, cuireadh amach iad mar cuireadh an(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Liodain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway