School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 013
- XML “Scéal - An tÉireannach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leigheas sí é. D'fan sé an dara hoidhche agus tháinig na fathaigh aríst. Nuair a bhí siad gar de'n teach, thosuigh siad ag cainnt agus dubhairt siad go raibh fear geanamhail rompa anocht agus go rachadh sé ag imirt cártaí leo. Táinig siad isteach agus reidhtigh siad tae aríst agus dubhairt siad leis cupán tae ól, acht níor thug sé aon árd ortha. Dubhairt siad leis dhul ag imirt cártaí leo acht ní rachadh. Nuair a chinn ortha é mhealladh mar sin cheangail siad le ropa é, agus fuair siad bior iarann agus dhearg siad é, agus bhí siad dá tholladh agus dá lasgadh gur ghlaoidh an coileach ar maidin agus beigean dóibh imteacht annsin.
Ar maidin tháinig inghean an righ chuige aríst agus leigheas sí é. D'fan sé an tríomhadh hoidhche aríst, agus tháinig na fathaigh, agus reidhtigh siad tae. Dubhairt siad leis cupán tae ól, acht níor thug sé aon árd ortha. Nuair a chinn ortha é mhealladh mar sin, rinne siad loch mór uisce taobh amuigh de'n doras, agus chuir siad cloigeann an téireannach bocht síos ann, agus ar maidin nuair a bhí fhios aca nach raibh sé marbh, rug ceann aca air, agus chait sé suas go bárr na spéire é agus nuair a thuit sé anuas, bualadh ar chloch ghlais é, agus chuir sé lorg a dhá choise inntí, acht níor marbhuigheadh é. D'imthigh(continues on next page)- Informant
- Padhraic Mac Samharain
- Gender
- Male
- Age
- 24
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway