School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)in a chodladh é, bhain sí prioc as agus dhúisigh sí é. Tá ceist agam ort adubhairt sí. Tá srúthan san domhan thoir, agus bhí fíon cúpla bliadhain ó shoin ann agus níl ann anois acht uisce. Tá sé sathach éasgaidh é sin fhághail amach ars an fathach. Tá cat annsin agus tá sé ag ól an fhíona agus mar marbhochaidh siad an cat ní bheidh an fíon aca agus tá cránn ann freisin, a raibh bláth óir ag fás air, trí bliadhna ó shoin, agus níl aon bhláth ag fás air anois. Bhuel tá luch mhór annsin ars an fathach agus tá sí ag ól sugha an óir agus mar marbhochaidh siad í sin, ní bheidh aon ór aca.
Thuit sé in a chodladh aríst, agus dhúisigh sí é agus dubhairt sí leis go raibh fear annsin thoir ar an loch le cead bliadhain agus nach bhfuil sé indon é fhághail. Bhuel dá mbeadh an fear sin sathach críona gheobhfadh sé sin amach. Dá dtughadh sé na maidí ramha do dhuine éicint agus é féin leim a thógáil amach sa bhfairrghe, bheadh sé saor. Bhí an buachaill ag éisteacht le chuile fhocal. Chuaidh an fathach amach aríst ag fiadhach, agus nuair a fuair an cailín imthighthe é chuaidh sí féin agus an buachaill amach ag an lachain dhearg. Léim an lacha agus bhuail sí an cailín le na sgiathan, agus thuit an cleitín óir ar an talamh.
Rug an buachaill ar an gleitín agus d'imthigh leis agus é chomh sásta leis an righ. Chuaidh sé chomh fada leis(continues on next page)- Informant
- Mártain Seoighe
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway