School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Nualláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an gadhuidhe fillte síar é tháinic se féin agus thiomáil sé leis na caoirigh go dtí an t-aonach. Ní i bhfad abhí se ann go dtáinic ceannuightheóir go dtí é. Dhíol sé na caoirigh leis agus d'ioch an ceannúightheóir é ar an bpoinnte. Tháinic seisean abhaile agus an tairgead aige. Anois adeir sé le na mháthair cé'n cheird a bheadh agam go mbeadh an oiread sin airgid saothruighthe agam i dtamall daon lá amháin. Níl aon cheird mar í a deir an mháthair.
San oidhche lár na bháireach aríst réidtígh sé é feín chún bealaigh. Séard a rinne sé an turas seó ná dhul istheach i bpáirc agus an búllán a bfearr abhí ann do marbhú. D'fheann se annsin e agus thug se leis abhaile an craiceann na cósa agus an cloigeann. D'fúagháil se íad go maith. Bhí pump mór aige le é phúmpáil, agus le déanamh arít mar bhí sé aríamh. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc.
Núair tháinic lá an aonaigh chúaidh seisean ann agus(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- An Caorán Beag, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Domhnaill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Caorán Beag, Co. Galway