School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)teach freisin Dómhnach an Iubhair agus sé an fath é sin ná nuair a bhí ár Slánuigtheóir ag siubhal tré bhaile mór d'árbh aim Jerusalem thosuigh na daoine ag caitheadh iubhar amach roimhe ar an mbóthar agus sin é an fádh go dtugtar isteach é. Marbhuigheann na daoine gé oidhche le Máirtín agus cuireann siad crois san mballa leis an bhfuil in-onóír do naomh Máirtín. Tá go leór toibreacha beannuighthe san tí seo freisin. Tobar Cholm Cille atá i mBaile Átha an Ríogh, Tobar Muire i gCill Ciaráin. Caitheann na daoine an tseamróg lá le Pádhraig agus caitheann siad ribín gorm freisin i n-onóir do Naomh Pádhraig mar deirtear gur clóca gorm a bhíodh air. Tugann na daoine créafóg as áiteacha beannuighthe i bhfad ó bhaile agus cuirean siad i dtaisge í nó go dtéígheann siad chuig an áít sin arís. Tugann siad faochain isteach freisin an chéad Dómhnach don bhliadhain nuadh agus sé an fádh é ionnus nach gcáillfidhe aon duine san teach go ceann bliadhna. Deirtear nach bhfuil sé ceart iubhar a chur i do chuid éádaigh acht Dómhnach an Iubhair fhéin már dá gcuireadh duine in a chuid éádaigh í go dtiocfadh pian in a chliabhrach agus nach n-imtheóchadh sé as choidhche.
- Collector
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Micheál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway