School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 270

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 270

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 270
  3. XML “Ainmneacha Ainmhithe na Farraige”
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    imtheacht ar mhullach na fairrge nuair a bhíos an aimsir go bréagh.
    5. Mada uisge:-
    Is ainmhidhe an-mhór é sin agus bíonn an croiceann a bhíos orra an-tsleamhain. Tá sé an-deacair iad a mharbhughadh mar tá draoidheacht aca. Tá cosa an-ghearr fútha agus níl siad inann siubhal go maith ar thalamh tirm. Nuair a marbhuightear iad baintear an croiceann díobh agus díoltar iad agus fáightear go leór airgid air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Seo scéal a chuala mé faoi an Maighdean Mhara.

    1. Seo sgéal a chuala mé faoí an Maighdean mhara. Bhí fear ann fadó agus rug sé ar Mhaighdean mhara. Thug sé leis abhaile í agus bhain sé an cochall draoidheachta dhe agus chuir sé i bhfolach faoí bhun-tsop an tíge é. Nuair a bhí sé ag deasúghadh an tíge thuit an cochall anuas agus fuair an mhaighdean mhara í agus rith sí leis. Lean an fear í le láidhe agus mharbhuigh sé í.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Donnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway
  3. (no title)

    Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag imtheacht timcheall an chladaigh an-deireannach san tráthnóna.

    2. Bhí fear ann fadó agus bhí sé ag imtheacht timcheall an chladaigh an-deireannach san tráthnóna. Nuair a bhí sé tamall maith ann chuala sé ceól an-áluinn agus ní raibh fhios aige céard é fhéin. Nuair a tháinig sé ingar dhó chonnaic sé gur Maighdean mhara bhí in a suidhe ar charraig agus í ag ceól. Nuair a chuaidh sé abhaile cuaidh sé ag iasgach arís agus báthadh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.