Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teach freisin Dómhnach an Iubhair agus sé an fath é sin ná nuair a bhí ár Slánuigtheóir ag siubhal tré bhaile mór d'árbh aim Jerusalem thosuigh na daoine ag caitheadh iubhar amach roimhe ar an mbóthar agus sin é an fádh go dtugtar isteach é. Marbhuigheann na daoine gé oidhche le Máirtín agus cuireann siad crois san mballa leis an bhfuil in-onóír do naomh Máirtín. Tá go leór toibreacha beannuighthe san tí seo freisin. Tobar Cholm Cille atá i mBaile Átha an Ríogh, Tobar Muire i gCill Ciaráin. Caitheann na daoine an tseamróg lá le Pádhraig agus caitheann siad ribín gorm freisin i n-onóir do Naomh Pádhraig mar deirtear gur clóca gorm a bhíodh air. Tugann na daoine créafóg as áiteacha beannuighthe i bhfad ó bhaile agus cuirean siad i dtaisge í nó go dtéígheann siad chuig an áít sin arís. Tugann siad faochain isteach freisin an chéad Dómhnach don bhliadhain nuadh agus sé an fádh é ionnus nach gcáillfidhe aon duine san teach go ceann bliadhna. Deirtear nach bhfuil sé ceart iubhar a chur i do chuid éádaigh acht Dómhnach an Iubhair fhéin már dá gcuireadh duine in a chuid éádaigh í go dtiocfadh pian in a chliabhrach agus nach n-imtheóchadh sé as choidhche.
- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe