Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 285

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 285

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 285
  3. XML “Scéalta Greannmhara”
  4. XML “Scéalta Greannmhara”
  5. XML “Scéalta Greannmhara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fóghluim an chaoí le é fhéin a choisreacan. Nuair a cheap sé go raibh sé inann é fhéin a choisreacan chuaidh sé chuig an sagart ag iarraidh airgid. Nuair a tháinig sé chuig an sagart dubhairt sé leis é fhéin a choisreacan i mBéarla. Thosuigh sé air agus dubhairt sé:- "In the name of the father, and of the son, Níor chuimhnigh sé ar an gcuid eile agus dubhairt sé:- "And blow me Father if I know what Paddy called the other bloke." D'imthigh sé agus ní bhfuair sé tada.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 16.
    Bhí fear bocht i Sasana fadó agus é an cineál beatha a bhíodh aige le haghaidh a dhinnéir ná builín. Sé an áit a d'íosfadh sé é ná le hais droichid. Tháinig duine uasal thart lá agus bhí mada aige agus dubhairt an duine uasal leis an duine bocht i mBéarla, "Throw him a bit," Rug an duine bocht ar an madadh agus chaith sé amach san bhfairrge é agus dubhairt sé leis an duine uasal, "Now throw him another bit yourself"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    59
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
  3. 17.
    Bhí fear ann fadó agus bhí cailín aimsire aige agus ní raibh aon Bhéarla aice agus bhí an fear ag iarraidh a bhéith ag múnadh Béarla dhe. Aon lá amháin chuir an fear ag díol ime í agus d'innis sé dhe cé'n méid a bhéadh sí a iarraidh ar an im. Ní raibh sí i bhfad ag imtheacht nó gur casadh fear dhí agus d'fhiafruigh sé dhi, "What
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.