Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 179
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-fhocla
Fuaireas na sean-fhocla seo ó
Mhaighréad Bean Mhic Dhonnchadha
Leitirmaoláin, Co. na Gaillimhe
Aois 72 bliain
Gairm-bheatha Feilméaracht
Tógadh í i Leitirmaoláin agus chaith sí a saoghal ann. Chuala sí na sean-fhocla seo ó na máthair Nóra Ní Dhonnchadha tuairm is 68 bliain d'aois nuair a d'innis sí na sean-fhocla seo agus chómhnuigh sí i Leitirmaoláin
An dáta ar scríobhadh na sean-fhocla san leabhar seo: 9-11-1937
1. Is gaire cabhair Dé ná an Doras
2. An té nach mbíonn ciall aige bíonn fán air
3. Beagán is a rádh go maith
4. Bíodh eagla ort agus ní baoghal dhuit
5. Bíonn an fhírinne fhéin searbh
6. Bíonn ceann caol ar an óige
7. Glór mór i gceann beag.
8. Cuir smacht ar do leanbh in a óige
9. Dubhairt bean liom go ndubhairt bean léi
10.Is binn béal in a thost
11. Is glas iad na cruic i bhfad uainn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Maighréad Bean Mhic Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe