Scoil: Leitirmealláin

Suíomh:
Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Éamonn Ó Gógáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0071, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmealláin
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
  4. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
  5. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 8.
    Aon lá amháin casadh an Mhaighdean Bheannuighthe isteach i dteach agus dubhairt sí le cailín an tíghe bruithneóg a chur san tein[e] dhi. Níor thug an cailín dhi é. Chuaidh sí chuig teach eile annsin agus bhí pota fataí ar an teine. Thóg sí an pota agus chuir sí bruithneóg síos dhi. Is túisge a bhí na fata[í] bruighte aice ná a bhí siad bruighte ag an gcailín nár thug bruithneóg ar bith dhi
    Deirtear go lasann an teine níos túisge taréis bruithneóg a bhruith innte.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Nic Donnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Laighidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    96
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gólam, Co. na Gaillimhe
  2. 9.
    Aon oidhche amháin tháinig an Mhaighdean Bheannuighthe isteach i dteach ag iarraidh lóistín agus dubhairt fear a' tíghe nach raibh aon áit aige acht dubhairt bean a' tíghe léithe a dhul amach i dteach annsin amuigh agus bhí bó agus asal ann. Déirigh an fear tinn san oidhche le dóigh bhuilg agus chuaidh bean a' tíghe amach ag innseacht an sgéil dhi. Bhí an leanbh Íosa an roimpi, agus dubhairt an Mhaighdean Bheannuighthe léithe a rádh leis an bhfear tinn:-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.