School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 228

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 228

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 228
  3. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
  4. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuartuigh siad í agus d'fhiafhruigh siad di céard a bhí aice agus dubhairt sí gur uainín beag. Chaith na saighdiúirí an páiste amach ar an mbóthar agus nuair a thuit sé uainín óg a bhí ann. Níor mharbhuigheadar é annsin agus d'fhill an páiste ar ais arís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 2.
    Bhí an Mhaighdean Bheannuighthe agus a mac ag imtheacht lá freisin mar bhí na saighdiúirí ar a thóir le na mharbhughadh agus bhí sé ag teacht ingar do pháirc a raibh caoirigh ann. Nuair a chonnaic sé na saighdiúirí ag teacht chuaidh sé isteach i mbolg an ghabhair agus thosuigh an gabhar ag dul fíadháin agus ag ritheacht ar fud an gharraidhe. Chuaidh sé amach as an ngabhar annsin agus chuaidh sé isteach san gcaora. D'fhan sí sin in a luighe siar agus níor chorruigh sí chor ar bith. Luigh chuile chaora siar annsin agus ní raibh fhios ag na saighdiúirí cé'n chaora a raibh sé ann. Olann a bhí ag fás ar an ngabhar ar dtús acht mar gheall gur thosuigh sé ag dul fíadháin nuair a bhí Dia istigh ann chuir sé fíonnach ag fás air. Bhí fíonnach ag fás ar an gcaora ar dtús freisin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Donnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Laighidh
    Gender
    Male
    Age
    96
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Gólam, Co. Galway