School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 271

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 271

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 271
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí rón ar charraig lá agus bhí beirt fhear ag dul thart agus mharbhuigh siad an rón.

    3. Bhí rón ar charraig lá agus bhí beirt fhear ag dul thart agus mharbhuigh siad an rón. Chuaidh siad chuig an oilean arís agus ní bhíos sé le feiceál acht uair san seachtmhadh bliadhain. Bhí fear ar an oileán rómpa agus d'fhiafruigh sé dhóibh an raibh an oiread fola aca agus a sgríobhadh a n-ainm. Bhain siad braon fola as a lámha agus sgríobh siad a nainm. Thug sé leabhar dóibh annsin agus dubhairt sé leó gan í a fhoscailt agus go mbéadh go leór airgid aca. D'fhoscail siad í agus ní raibh airgead ar bith aca. Dubhairt sé leó gan aon rón a mharbhughadh níos mó mar gur daoine a bhí ionnta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Aon uair amháin bhí daoine ag iasgach i mbád agus thóg ceann de na maighdneacha mara duine aca agus ní bhfuair sian aon tuairisg ariamh air.

    4. Aon uair amháin bhí daoine ag iasgach i mbád agus thóg ceann de na maighdneacha mara duine aca agus ní bhfuair siad aon tuairisg ariamh air. Sé an fáth go bhfuil siad ins an bhfairrge ná chun caoi a chur ar na daoine a bhí dá mbáthadh nuair a théigheas siad síos ins an bhfairrge. Deirtear go mbíonn an tádh ar an duine a shroicheas caladh taréis Maighdean mhara a fheiceál.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Donnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway
  3. (no title)

    Aon lá amháin bhí fear ag imtheacht le gunna.

    5. Aon lá amháin bhí fear ag imtheacht le gunna. Chonnaic sé rón agus mharbhuigh sé é. D'imthigh sé abhaile annsin agus bhí bó caillte roimhe. Deirtear gur daoine atá faoí dhraoidheacht iad ná róinte agus nach ceart iad a mharbhughadh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.