School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 229

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 229
  3. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”
  4. XML “Scéalta faoin Mhaighdean Bheannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 3.
    Bhí an Mhaighdean Bheannuighthe agus a páiste ag imtheacht agus bhí an oidhche an-fhliuch. Bhí an páiste in a bachlainn aice agus clóca thar timcheall ar an mbeirt aca. Bhí sí ag imtheacht léithe nó go dtáinig sí chómh fada le teach tinncéara. Chuaidh sí isteach san teach agus d'iarr sí ar an tinncéar biorán a dhéanamh dhi le haghaidh an téadach a choinneál timcheall ar an bpáiste. Níor thug an tinncéar an biorán dhi agus sin é an fáth go bhfuil an tinncéar bocht ó shoin. Bhí sí ag imtheacht léithe annsin nó go dtáinig sí chómh fada le coill. Bhí teach beag annsin agus chuaidh sí isteach ann. Bhí gabha istigh agus é ag obair. Dubhairt sí leis biorán a dhéanamh dhi a choinneóchadh an t-éadach timcheall ar an bpáiste. Bhí an-fháilte ag an ngabha roimpi agus rinne sé biorán agus chuir sé fhéin in a cuid éadaigh é. Bhí teine bhreágh aige freisin agus dubhairt sé léithe a dhul síos chuig an teine í fhéin agus an páiste. Nuair a bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nic Donnchadha
    Gender
    Female
    Address
    Leitir Mealláin, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Laighidh
    Gender
    Male
    Age
    96
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Gólam, Co. Galway