School: An Tuairín (roll number 13415)
- Location:
- Béal an Daingin, Co. Galway
- Teacher: Séamus Ó Tomhnra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tuairín
- XML Page 113
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí Rí ann fadó agus bhí inghín amhain aige. Ní raibh an inghín ach leith bliadhain nuair a cailleadh a máthair.”
(continued from previous page)mbanáltra lé inghín an Rí, mar ba chol seisear go mháthair an chailín beag í. Tar éis tamaill chonnaic bean an Rígh nach raibh an bhanáltra ag tabhairt mórán aire go an [os cionn: don] mhac a bhí aice féin. Gur mho an aire a bhí sí ag tabhairt go an chailín beag. Lá amháin dubhairt sí leis an mbanáltra go bhfuigheadh sí cailín a bheidheach ag múnadh di. [> bheadh ghá múnadh] Agus fuair sí muinnteóir, dfás an cailín beag suas agus bhí sí ann láidir, agus bhí fhíos aice 'chuile shórt. Bhí sí ann naomhtha. Lá amháin diaraidh [> d'fiafruigh] an muinnteóir dhi cé raibh a máthair agus dubhairt sí go raibh sí ins an Flaitheas. Agus beidh mise mé féin ann a dubhairt sí. Chuir an chainnt sin iongnamh ar an muinteóir. Lá amháin bhí an cailín amuigh ag spraoidh agus casadh a máthair dí Labhair sí léi. Ón lá sin amach ní íosfadh an cailín tada. Bí sí ag imtheact as ag imtheact as [!] agus sa deireadh cailleadh í. Agus bhí siad ag ceapadh go raibh sí in a naomh.- Collector
- Séamus Ó Tomhnra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Bairbre Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Address
- An Tuairín Mín, Co. Galway